Inis Mór - Aillte an Mhothair - Cathair na Gaillimhe (Bealach Amháin)
Is féidir imeacht ón Oileán Árann is mó, Inis Mór, agus seoladh go dtí Aillte an Mhothair sula dtéann tú ar aghaidh chuig Cathair na Gaillimhe.
Cruthaíodh an cósta iontach seo thart ar 300 milliún bliain ó shin agus tá sí thart ar 5 mhíle ar fhad agus suas le 200 méadar ar airde. Is féidir an choilíneacht éan mara is mó in Éirinn a fheiceáil, ‘Staca Farraige An Bhranáin Mhóir’ agus pluais farraige atá le feiceáil sa scannán ‘Harry Potter & the Half Blood Prince’. Bí ag faire amach do phuifíní, deilfeanna, rónta agus liamháin ghréine a mhaireann sna farraigí seo.
Cuireann an turas singil seo bealach uathúil ar fáil chun taithí a fháil ar scála ollmhór na n-Aillte sula mbaintear taitneamh as Cathair na Gaillimhe, áit a bhfuil cáil uirthi mar gheall ar a saol bríomhar ealaíonta agus sóisialta, agus a hoidhreacht iontach ón meánaois.
Dátaí
Turais lae: 4 Meitheamh - 30 Lúnasa
Amanna
Ag imeacht as Inis Mór (Céibh Chill Rónáin): 3.30in
I nDugaí Chathair na Gaillimhe: 6in
Praghsanna
Duine Fásta: €30.00
Mac Léinn: €25.00
Duine Aosta: €25.00
Leanbh: €15.00
Báid
Tabhair faoi deara le do thoil go dtabharfaidh ceann ar bith den chúig bhád atá againn chuig do cheann scríbe tú. Ní féidir a chinntiú go rachaidh bád farantóireachta áirithe ar bhealach áirithe ag am ar bith.
An bhfuil ceist agat?
Féach ar na Ceisteanna a Chuirtear go Minic agus ar ár bPolasaí Aisíocaíochta ANSEO.